Eisteddfod na Breataine Bige

Dinbych - 2001

Súil siar, súil ag aghaidh Tuairisc le Pól Ó Duibhir
in COMHAR - Deire Fómhair 2001 [*]

Go dtí gur thug mé rúid ar Eisteddfod na bliana seo bhí sé 25 bliain ó fhreastail mé go deireannach ar fhéile mór seo na Breataine Bige, ceann d’fhéilte móra na hEorpa. Bhí a fhios agam gur iomaí athrú suntasach abhí tárlaithe sa Bhreatain Bheag idir an dá linn agus ba ghéire m’fhiosracht fhéin dá bharr. I sé an Eisteddfod cruinniú mullaigh cultúr Breatnais na Breataine Bige. Is féile ollmhór í a léiríonn spiorad na Breatnaise i ngach gné de shaol náisiúnta na tíre sin.


Idir 120,000 agus 150,000 duine a dhéanann freastal ar imeachtai sheachtain na féile agus is in ollphobal ina bhfuil áit suite do 4,000 duine a bhíonn a bhformhór ar siúl. Cosnaíonn sé suas le £2.4 miliúin sa bhliainan Eisteddfod areachtáil agus bíonn breis agus 1,000 oibrí deonach ag treabhadh leo ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta i rith an dá bhliain roimh an Eisteddfod agus i rith seachtaine na féile féin.

I Dinbych i dtuaisceart na tíre a reachtáileadh i mbliana í, i mbaile beag gleoite ar thaobh chnoic agus ar scáth seanchaisleáin a choinnigh lucht na Breataine Bige faoi smacht na Sasanach fadó.

An Gorsedd

Nuair a chuimhníonn daoine ar an Eisteddfod, is minic a shamhlaíonn siad scéalta móra faoi Dhraoíthe agus faoi Bháird gona bhfeisteas eaglasta agus a bpaidreacha págánacha. Ní mar sin baileach é. Ach bíonn cruinniú Báird i gceist agus an t-Árd-Draoi fhéin ina fhear an tí. Ócáid ildaite, líoga a bhíonn ann agus má deirtear paidreacha lena linn. ní seirbhís eaglasta ná seirbhís págánach ná seirbhís dhraíochta í seo agus is mó den drámaíocht a bhíonn le sonrú uirthi ná mar a bhíonn de rud ar bith eile - mar a bhéadh comhartha solúntais á bhronnadh ar na h-imeachtaí agus ar chomórtais na féile.

Na Comórtais

Níl teora, shílfeá, leis an gcineál comórtas a reachtálann an Eisteddfod agus is trí mheán na Breatnaise a reachtáiltear uilig iad, idir comórtais filíochta, próis, ceoil, rinnce, cumarsáide agus spóirt. Is iad an choróin agus an chathaoir, an dá phríomh chomórtas filíochta, na comórtais is mó le rá agus tá stáideas agus aitheantas ag baint leis na comórtaisí seo i gcultúr na Breatnaise seachas mar atá lena samhail i gcultúr an Bhéarla. Bíonn 4,000 duine i láthair agus na mílte breise á leanúint ar an teilifís, ar an radió, agus lenár linn fhéin, ar an idirlíon.

An Chathaoir

Tá tús áite, ó thaobh tábhacta i súile an phobail de, ag comórtas seo na cathaoireach do phíosa filíochta nach rachaidh thar 200 líne i ndianmheadaracht thraidisiúnta na Breatnaise (cynghannedd). Díol suntais ann féin nár bronnadh an duais seo ar chor ar bith an t-am deireannach go raibh an Eisteddfod i Dinbych (1939), ná fiú an t-am roimhe sin (1882) ach an oiread. I mbliana, don chéad uair riamh i stair na féile, is ar bhean a bronnadh an chathaoir – Mererid Hopwood an céad “prifardd” (príomhbhárd), le dán faoi mháthair aonair agus faoi bhás a linbh. An ceann is fearr a fháil ar an éadóchas seo ba théama dá dán agus is deas mar a bhain sí casadh as an nua as téama Eisteddfod na bliana seo “An Athbheochan”.
An Príomhdhraoi Gach trí bliana a toghtar an Príomhdraoi. I dtús aimsire ba iad baill choiste ghnó an Gorsedd amháin a ghlac páirt sa toghchán. I mbliana, arís don chéad uair, ba iad baill uilig an Gorsedd, thart ar 1,700 duine uilig a rinne an toghadh. Robyn Lewis, a bheidh in a Phríomhdraoi sna trí bhlianta atá amach romhainn. Níl uainn anois ach Príomhdhraoi mná leis an Gorsedd a sheoladh isteach i gcuan an tríú mílaois.

Cúrsaí teanga agus comhphobal

Nuair a bhínn ar an Eisteddfod i dtús na seachtóidí b’iomaí feachtas a bhíodh ar bun chun teanga agus comhphobal na Breatnaise a chaomhnú agus a chur chun chinn. Feachtais imeallacha is mó a bhíodh ionntu seo agus is duar dóchais dúinn inniú gur daoine ar stáitse an Eisteddfod fhéin a dhéanann na héilimh – an Príomhdhraoi, iarchathaoirleach Bórd na Teanga, Cathaoirleach Chomhairle an Eisteddfod agus Cathaoirleach Choiste Gnó an Eisteddfod. Rinneadh éileamh ar reachtaíocht nua teanga agus tithíochta agus ar chabhair do na háisíneachtaí Breatnaise. Rinneadh gearán faoi chaighdeán an teagaisc sa teanga agus faoin gcaoi a thug an rialtas tús áite do chúrsaí sláinte ainmhithe agus timpeallachta ar thodhchaí teanga agus comhphobal.

Ionadaithe Ceilteacha

Cuirtear ionadaithe ó na tíortha ceilteacha eile in aithne don lucht féachana ag an Gorsedd agus ba iad Muiris Ó Rócháin agus Bláthnaid Ó Brádaigh a bhí mar ionadaithe ón Oireachtas i mbliana. Labhair Bláthnaid as Gaeilge agus chuir beannachtaí mhuintir na hÉireann in iúl don lucht féachana, teachtaireacht a thuigeadar go maith de dheasca leagan Breatnach a bheith le feiceáil ar ollscáileán ar thaobh an stáitse. Gnéithe idirnáisiúnta
Bhí gnéithe idirnáisiúnta ar pháirc an Eisteddfod leis, ó cheist chasta na hurraíochta ghnó go feachtais in aghaidh an fhorchríochaithe agus ar son an chomhoibrithe leis na tíortha neamhfhorbartha.

Súil ar aghaidh

Tá todhchaí na féile seo ag brath ar thodhchaí na teanga agus, dár ndóidh, tá todhchaí na teanga féin ag braith ar fhorbairt phobal na Breatnaise fhéin. Tá comharthaí nua dóchais agus féinmheasa le sonrú go láidir i measc an phobail agus tá glór anois acu i dTionól Náisiúnta na Breataine Bige atá ag feidhmiú le dhá bhliain anuas. Is i Ty Dewi, i ndeisceart na tíre, a thionólfar Eisteddfod na bliana seo chugainn. Feicimíd cén dul chun cinn a bheidh le sonrú faoin tráth sin.

Tá breis eolais le fáil ar na láithráin ghréasáin seo a leanas:

www.eisteddfod.org.uk
www.bbc.co.uk/wales

Siar go bunleathanach Phóló

Fonóta:

[*] Sliocht as Eagarfhocal CHOMHAR Dheireadh Fómhair 2001

"Tá tuairisc speisialta againn daoibh san eagrán seo (agus pictiúir freisin - ná bac Private Eye, anseo a gheobhaidh sibh na fíorscéalta!) ar Eisteddfod na Breataine Bige. Feictear dom féin gur aisteach go deo an ealaín a bhíonn ar siúl acu thall sa tír bheag choimhthíoch sin, ach dream ar bith atá in ann fuaim chomh haisteach agus chomh daduain a fháisceadh as dha "l", is dóigh gur maith a bheidís in ann féile a eagrú. Mar sin féin - agus is maith atá fhios agam go dtarlaíonn rudaí fíoraisteacha ag an teacht le chéile mór a bhíonn ag Gaeil na Gaeilge faoi Shamhain - ach, as ucht Dé, ní cathaoir a bhronntar sa tír seo ar dhuine as dán maith a scríobh. Samhlaigh anois, dá gcuirfeadh lucht Oireachtas na Gaeilge cathaoir go Gaillimh chuig Siobhán Ní Shúilleabháin as duaisiarracht dá cuid nó go gcoirfí coróin agus teideal nua (An Príomhdhraoi) ar Chathal Ó Searcaigh as an gcnuasach is deireanaí óna pheann ...... sin anois smaoineamh do lucht ghradam litríochta an Irish Times."