1984
(le Aodh Ó Domhnaill)





Cá bhfuil an ghrian?
Cad as don cheo sin a tháinig faoi?
Cén rud é crann?
Mar ní fhaca mise ceann le fiche bliain

Níl mé le sásamh i lár an bhaile
Níl mé le líonadh dubh leis an ngaoth
Tá mo mhuintir bolg-lán
Ag casachtach le sláinte i gcathair na gcasán

Shiúil mé sa pháirc
Shiúil mé cosnocht go dtí an lár
Chuaigh mé ar ghlúin
Agus d’ól mé drúcht na maidne le gruaim

Chuaigh mé ag snámh
Rugas ar iasc beag le mo láimh
Thuas ins an spéir
Bhí na héin ag siúl na scamall a’ lorg aeir