Rith sé liom cúpla focal a rá faoin gComórtas seo i mbliana os rud é nach bhfuilim féin ag cur isteach air.

Thaithn sé go mór liom, an bhliain seo chaite, a fheiceáil go raibh comórtas blagála curtha ar bun ag Oireachtas na Gaeilge. Tá géarghá ann go mbeadh cúrsaí na Gaeilge suas chun dáta, comhaimsearach, agus ag plé leis an saol mar atá. Is cuimhin liom a leithéid de dhul chun cinn ins na seachtóidí nuair a cuireadh bun le comórtas clár raidio, agus comórtas aiste stair áitiúil. Bíonn sé deacair i gcónaí critéir chuí a aimsiú do chomórtas nua agus amantaí tógann sé cúpla bliain a leithéid a leabú (sic focal.ie). Tá critéir leagtha síos don chomórtas seo mar a bhfuil: caighdeán na scriobhnóireachta; tuiscint agus údarás an údair maidir leis an ábhar lena bhfuil sé/sí ag plé; idirphlé a spreagadh trí nótaí tráchta a mhealladh agus naisc a chruthú; agus eile.

Deántar an mholtóireacht ar na míreanna/postanna ar bhlag lánGhaelach idir 1ú Márta agus 30ú Meitheamh.

Tá sé seo go léir go breá ach tá ceist mhór fós gan réiteach faoi céard go díreach is blag ann agus cén fheidhm atá leis. Freisin, tá gá le hathrú rialacha maidir leis an gcomórtas seo mar nach ionann é agus gnáthchomórtas liteartha.

Minicíocht: Is ó bhunús "web log" a tháinig an focal "blog", agus i dtús báire ba chineál dialann abhí sa bhlag agus daoine ag súil le post in aghaidh an lae ar a laghad. Ach sa lá atá inniu ann is rud idir r-dhialann agus suíomh gréasáin é. Mar sin bíonn an mhinicíocht ag brath ar nadúr an bhlag féin.

Foilsiú comhuaineach: Bíonn an blag á fhoilsiú i rith na ceithre míonna roimh an mholtóireacht, agus b'fhéidir níos faide siar. Agus naisc ann, b'fhéidir, do shaothar eile an údair (mar shampla blag béarla). Mar sin ní féidir go mba obair anaithnid í seo, mar a bhéadh ins cuid de na comórtais liteartha eile. Tá foráil faoi seo ins na rialacha i mbliana.

Foilsiú moltóireachta: B'fhiú an mholtóireacht a fhoilsiú seachas í a chur chuig an iomathóir amháin. Thabharfadh seo treoir d'iomathóirí eile sna blianta atá romhainn, agus chabhródh seo go mór maidir le múnlú caighdeáin caighdeánach moltóireachta.

Buaiteoirí: Deir iGaeilge, a bhuaigh an comórtas anuraidh nach bhfuil a fhios aige an bhfuil cead aige cur isteach air arís i mbliana. Tá riail (Uimh 4)a deir nach foláir gach iarracht a chuirtear san iomaíocht a bheith urnua agus gur saothar bona fide é de chuid iomatheora nár ghnothaigh duais cheana. An ionann seo is a rá nach dtig le duine duais a ghnóthú sna comórtais liteartha ach uair amháin ina shaol. Thar a bheith ait agus go bhfios dom, tá iliomad duine ann a ghnóthaigh duais in breis is bliain amháin (mé féin ina measc). Tá riail eile (Uimh. 5) níos fusa a thuiscint, ie, nach mbronfar duais ar shaothar a ghnóthaigh duais Oireachtais cheana. Mheasfainn féin go mba chóir go mbeadh iGaeilge in ann cur isteach arís i mbliana. Maidir le riail Uimh.4, níl aon dealramh léí ins an bhealach doiléir ina bhfuil sí scríte. Maidir le riail Uimh.5, níl sa bhlag ach meán, mar a bheadh nuachtán nó leabhar. Beidh an t-ábhar féin urnua agus éagsúil ó bhlian go bliain.

Deir Aonghus, ina bhlag, gur mhol an moltóir dó cloí le hábhair teicniúla, agus dá bharr san nach bhfuil sé ag cur isteach ar an gcomórtas i mbliana. Ní luann sé pé réasúnaíocht abhí taobh thiar de thuairim seo an mholtóra.

Maidir liom féin, an bhliain seo chaite, d'fhoilsigh mé 24 postanna i rith tréimhse na moltóireachta, ach mheas an moltóir nárbh leor san le dóthan nótaí tráchta a mhealladh. Mar a tharla, rinne mé faillí ar mo dhá bhlag eile agus ar an suíomh gréasáin um a dtaca seo anuraidh ar mhaithe le míreanna a chur inairde ar an mblag seo. Níl sé d'acmhainn agam iarracht níos tréine a dhéanamh i mbliana.