Tá súil agam nach dtógfaidh Aodh Ó Domhnaill orm gaelúdar a ghairm air mar go bhféadfaí go gceapfaí gur i ngort laethanta 'fadó fadó ó shin' a bhí agus atá sé ag cumadh, ag ceapadh agus ag scríobh. Fada fada siar uaidh sin atá meanma agus aidhmeanna an Domhnallaigh. Go deimhin is chun creatha áirithe a thabhairt agus chun nuachruthaíocht a chothú i gcumadóireacht na Gaeilge gur chéadchuir sé peann le pár. Toradh air seo ab ea na hamhráin nuachumtha a chuir sé féin i dteannta lena dheirféar, Nóra, ar fáil dá chomhghleacaithe óga. Bhí ó shin le raidhse amhrán, cnuasach filíochta agus slám drámaí a sholáthar. Tá faoi láthair i mbun pinn le geamaireacht na Nollag atá cheana féin á cleachtadh ag Aisteoirí Bulfin. Fillfimid air sin uile ar ball.

Is ar thuaisceart na hardchathrach a rugadh Aodh agus gur tógadh é ar an chuid is mó in Ard Aidhin. Conallaigh ab ea a bheirt thuismitheoirí. De bhunadh na Rossa ab ea a dhaid, Antaine, agus de dhúchas Shraith an Úrlair a mháthair, Mary. Dearthair amháin ag Aodh, Rory, agus deirféar, Nóra, go bhfuil bua na hamhránaíochta agus na cumadóireachta aici. Bhí Aodh le cairdeas a chothú le stócach óg a bhí ina chomharsa béal sráide. B'shin Tarlóg Ó hUid, mac Tharlaigh, iare-agarthóir Inniu. Is le Tarlóg a 'mhaireadar' a chairdeas i nGaeilge ó thús.

Is chuig meánscoil Naomh Pól i gCluain Tarbh a seoladh é dá chuid oideachais meánscoile. Rogha de scoil a rinneadh ag a dhaid toisc gur ghlac na Bráithre Críostaí le daltaí le linn Stailc na Múinteoirí sa bhliain 1949!

Thaitin a chuid scolaíochta leis agus, sílim, go raibh sé go maith ag na leabhair. D'imir rugbaí sa scoil agus ar ball le Cumann Rugbaí Chluain Tarbh. Bhí Pádraig Ó Snodaigh mar chomhbhall anseo ach sin scéal eile, gach seans, le hinsint. D'imir mar chéad líne tosach go raibh sé 33 bliain d'aois agus maireann a shuim sa rugbaí i gcónaí.

Chaith sealanna saoire i nDún na nGall agus ar choláiste Samhraidh in Anagaire, "3 mhíle ó theach mo dhaid". Chláraigh leis 'Na Fanaithe' de chuid Chonradh na Gaeilge i dteannta le Tarlóg agus bhain ceol as an gcomrádaíocht, na sléibhte agus an dúthaigh. Saol sóisialta bríomhar ach ganntanas amhráin nua-aimseartha le canadh i gcomhar lena chéile a ghoill air. Ba thús lena chuid cumadóireachta freastal ar an ngá seo agus bhunaigh sé féin agus Nora grúpa, 'Na hUaisle' i lár na seachtóidí. Ceol á chumadh ag Nóra agus na liricí ag Aodh. D'éirigh go han-mhaith leo agus mheall tacaíocht lena gcuid aoirléargais ar gach gné den saol reatha. Bhí ina n-aíonna ar 'Trom agus Éadrom' Liam Uí Murchú go tráth rialta.

Bhain Aodh an Ardteistiméireacht go hóg. Ní raibh sé ach sé mbliana déag d'aois agus chinn ar staidéar a dhéanamh ar innealtóireacht i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Chaith dhá bhliain anseo nach raibh rath orthu. Níor éirigh leis sna scrúduithe agus ni raibh sé socair sa choláiste. Seans go raibh se ró-óg don saol ollscoile. Is cinnte gur ghoill an 'teip' seo ar leaid a bhí sách cúthaileach ag an am ach sílim féin gurbh é an croitheadh seo ina shaol a bhí ró-éasca go dtí sin a chruthaigh an fear. Fuair post i mBanc Ceannais na hÉireann agus is ann a shaothraigh sé go rathúil gur éirigh as i mbliana. D'fhill ar Choláiste na hOllscoile agus é sa Bhanc gur bhain céim in Ealaíon, Eacnamaíocht, Gaeilge agus Fraincis. Tá cúrsaí baincéireachta sa Bhanc Cheannais an-difriúil ná a mhacasamhail sna gnáthbhancanna. Tá na cúramaí idir lámha ann thar a bheith teicniúil agus ar bhonn idirnáisiúnta go háirithe. Ní tuigtear seo go minic, a deir sé, mar gurb é an chloch is mó ar a phaidrín anseo idirdhéileáil gnó idirnáisiúnta. Bhíodh dlúthchomrádaithe oibre ina n-iasachtaigh go hiondúil. Bhí seo fíor go háirithe sna gnóthaí a bhain le láithriú an euro agus teacht i réim an Chomhaontais Eorpaigh. Saothair agus tionscnaimh ollmhóra ba ea iad seo, iad casta, fadálach agus deacair ach sílim, ar an iomlán, gur bhain Aodh sásamh as bheith 'i lár an Aonaigh' áirithe seo.

Mar fhaoiseamh agus mar inspioráid ina shaol bhí Conradh na Gaeilge, Craobh Moibhí, Aisteoirí Bulfin, scríbhneoireacht - agus Máiréad Ni Chinnéide Duibhneach. Iad beirt sáite i saol an chonartha ach ar dhóigheanna iomlán difriúil. Mar bhall feidhmiúil agus mar choisteoir gníomhach bhain Mairéad céim Tánaiste an eagrais amach. Bhí Aodh gafa i scríobh amhrán agus drámaí don Chraobh agus ar ball d'Aisteoirí Bulfin. Ar dtús bhí sé ag aisteoireacht le hAisteoirí Bulfin agus níorbh fhada gur thosnaigh sé ar dhrámaí nua a cheapadh dóibh. Le fiche bliain anuas, tá deich ndráma le hAodh léirithe ag an mbuíon sin, na cinn is déanaí: Mac an Stanley (leagan nua den Threepenny Opera, Brecht/Weill,2006), An Campa (léirithe ag Garrett Keogh, 2007) agus Na Leabhra (a bhain Gradam sa bhFéile Náisiúnta Drámaíochta, 2011).

Léiríodh drámaí leis freisin ag Aisling Ghéar Bhéal Feirste (Caifé-ar-Ais, Republica), ag Taibhdhearc na Gaillimhe (Lá breá), ag AnnÓG sa Daingean (Raic) agus leath-dhosaen ag RTÉ - Raidió 1. Tugadh léamh cleachtaithe do Ar Deireadh Thiar ar stáitse na hAmharclainne Náisiúnta i 2010.

Bronnadh Duais Stewart Parker air as Idir an Dá Shúil (comhléiriú TíAitreo/Taibhdhearc) a léiríodh i nGaillimh agus in Amharclann na Péacóige i 2011.

Bhí le trí bliana chruthaitheacha a chaitheamh i réimse eile na healaíne lena linn seo uile tar éis a phósta le Mairéad agus le linn saolú agus tógáil Nóirín agus Aodh. Ní bocht an teist ar shaol sona clainne na trí cinn de chnuasaigh filíochta a d'fhoilsigh Coiscéim -Feic (1984), Cambhaill (1987) agus Is Araile (1993). Tá tuilleadh san áiléar agus is cinnte nach bhfuil Mairéad Uí Dhomhnaill chun iad a chaitheamh amach!

Faoi láthair tá se gafa le scríobh na scripte den gheamaireacht 'Gur Eile' - agus ag réiteach chun páirt a ghlacadh ann. Tá 8 gcinn d'amhráin nua cumtha aige don dráma agus i measc na n-institiúidí a 'aoirfear' tá an IMF agus NAMA gan tracht ar thréaniarracht na Banríona Eilis Uachtaránacht na hÉireann a bhaint amach di féin. Fada ó théamaí na seanamhrán gan aon agó. Ach ní le haon mhímheas orthu seo atá Aodh Ó Domhnaill i mbun pinn ach chun súil ghéar a chaitheamh ar shaol agus ar shaoithiúlacht ár linne. Ní beag san.

Tá Aodh ar a phinsean anois - ghlac sé le deis éirí as go luath - agus d'aidhm aige cloí leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha. Beidh tuilleadh drámaí cinnte ag teacht uaidh agus cá bhfios ach go mbainfí na dánta atá folaithe san áiléar i dteannta, b'fhéidir, idéanna atá ag bíogadh i gcúl a intinne! Inseoidh an aimsir. Cérbh iad na daoine sa saol a thuill a mheas go speisialta. Luann sé Maurice O'Connell, iar-ghobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, agus D.K. Whittaker. Ní thuigtear i gcoitinne, dar leis, an dílseacht, an dáiríreacht agus na hardscileanna a shaothraíonn a leithéidí de sheirbhísigh phoiblí ar mhaithe leis an dtír. Meas aige chomh maith ar Garret Fitzgerald, ar dheis Dé go raibh sé.

Maidir le scríbhneoireacht na Gaeilge tuigtear dó go bhfuil freastal an-bhreá á dheanamh ar mhuintir na teanga sa lá inniu. Is cinnte gur spreag teacht TG4 agus na meán cumarsáide craolta nua scríbhneoirí ar nós Darach Mac an Iomaire chun pinn.

Maidir leis féin is é an amharclann bheo an meán is iontaí ar fad díobh. Is cuimhin leis uair nia dá chuid nach bhfaca drama ariamh curtha faoi dhraíocht a d'fhág gan caint scaitheamh é tar éis dó 'Borstal Boy' Brendan Behan a fheiceáil. An seó beo, na haisteoirí os do chomhair, do thuiscintí agus do shamhlaíocht gafa agus tugtha go haeráid úrnua ach an drámadóir féin san amharclann, é ceilte, é ar cipíní ag súil le breithiúnas dairíre le linn agus tar éis an léirithe. Sin saol á shaothrú, a dhuine!

AODH Ó DOMHNAILL

Rugadh Aodh sa bhliain 1947 i dtuaisceart Chathair Átha Cliath. B'as na Rosa i dTír Chonaill dá athair, a bhí ina mhúinteoir náisiúnta. De mhuintir Ghallen a mháthair, ó oirthear an chondae chéanna. Is le hamhráin a thosnaigh Aodh i mbun pinn, iad á gcanadh ag a ghrúpa féin - Na hUaisle - i lar na seachtóidí. Tháinig cuid mhór dánta uaidh ina dhiaidh sin agus foilsíodh trí dhíolaim ag Coiscéim: Feic (1984), Cambhaill (1987) agus Is Araile (1993).Ar feadh an ama, bhí sé ag aisteoireacht le hAisteoirí Bulfin agus níorbh fhada gur thosnaigh sé ar dhrámaí nua a cheapadh. Le fiche bliain anuas, tá deich ndráma le hAodh léirithe ag an mbuíon sin, na cinn is déanaí: Mac an Stanley (leagan nua den Threepenny Opera, Brecht/Weill,2006), An Campa (léirithe ag Garrett Keogh , 2007) agus Na Leabhra (a bhain Gradam sa bhFéile Náisiúnta Drámaíochta, 2011).

Léiríodh drámaí leis freisin ag Aisling Ghéar Bhéal Feirste (Caifé-ar-Ais, Republica), ag Taibhdhearc na Gaillimhe (Lá breá), ag AnnÓG sa Daingean (Raic) agus leath-dhosaen ag RTÉ - Raidió 1. Tugadh léamh cleachtaithe do Ar Deireadh Thiar ar stáitse na hAmharclainne Náisiúnta i 2010.Bronnadh Duais Stewart Parker air as Idir an Dá Shúil (comhléiriú TíAitreo/Taibhdhearc) a léiríodh i nGaillimh agus in Amharclann na Péacóige i 2011.

Tá Aodh pósta le Máiréad (Ní Chinnéide) de bhunadh Chorca Dhuibhne agus tá beirt chlainne acu, Nóirín agus Niall. Tar éis na mblianta i mBanc Ceannais na hÉireann, tá Aodh le tamall anois ag scríobh go lánaimseartha. Tá de sprioc aige leanacht i mbun drámaí comhaimseartha i nGaeilge, le súil go bhfaighfear iad 'spéisiúil, spreagúil, dána agus greannmhar'.