TONN NA POIRTINGÉILE

Éistígí liom, a chairde, éistígí liom go ciúin,
Má’s fad’ an saol ag éinne againn, is baol nach mbeidh sin buan,
Mar tá Danny Sheehy sínte ‘s is deacair é a chreidiúint
Gurbh é Tonn na Poirtingéile a scuaib ár laoch chun siúil...

Mo bheannacht lena mhuintir, mar is orthu a théann sé dian,
Ar Mháire is ar Órla, ar Chormac ‘s ar Róisín,
‘Na dtigh i mBaile Eag-ailse, an tigh gur lú a líon,
Ó d’fhág Tonn na Poirtingéile a bhean ‘s a chlann fé chian...

Nach minic um thráthnóna a d’ólamar leis ‘dTigh Kane,
É ag trácht ar longa Armada ‘sheoil chugainn ón Spanish Main,
Nach sinne ‘bhí sona sásta, gan súil againn le néall,
Ná le Tonn na Poirtingéile ’bhí ag briseadh i bhfad i gcéin...

Nárbh bhreá a dturas Camino, ‘rámhaíocht ó lá go lá,
B’in éacht a thóg trí bhliain orthu, ó chaladh-phort go tráigh,
Ach an bhliain dár gcionn, mo chreach ‘s mo lionn,‘b ea an bhliain nár lean an t-ádh,
Mar b’é Tonn na Portingéile a d’iompaigh iad sa bhá...

Sí an abha mhór sin Mín-ó is údar le mo scéal,
Sí sin an abha ’tá baolach nuair dhruideann sí lena béal,
Nuair bhuaileann an sruth le sáile, ardaíonn sé tonn ‘tá tréan,
Sé sin Tonn na Poirtingéile a threascair iad, mo léan...

Mo ghraidhin tú, Danny Sheehy, ‘ chomrádaí a bhrathaim uaim,
Nuair shiúlaim tré Dhún Urlann ‘s nuair sheasaim os comhair do thuam’,
Cuimhním-se ar do gháire geal, cé gur mé tá fós fé ghruaim
Age Tonn na Poirtingéile a scuaib ár laoch chun suain...

A.Ó.D.
8/9/2017.