Dúil san Dearg

Curfá:
Cé tá ag moladh colscaradh?
Cé tá ag díol frithghinniúintí?
Cé tá ag iarraidh dúnmharú
A dhéanamh ar Doctor Lucey?
Ambasáid na Ruise!

1.
Bhí mise ins an Special Branch ó liostál mé sna Gárdaí
Im' shaineolaí ar Chumannaigh is seana-Phoblachtánaigh;
Bhuel, cuireadh mé ar chúrsa 'g foghlaim teanga géar na Rúise
Is d'imigh mé ag cuardach Conspiracy na Drúise.


2.
D'fhéach mé isteach an fhuinneog agus chonaic mé cruinniú,
Bhí an diabhail fhéin sa chathaoir ag tabhairt ordaithe don crew
Do las a shúil le háthas agus sheas a ruball siar
€'S é ag tabhairt amach leabhair bhrochacha le scaipeadh fríd an tír
(Mar do thug se leabhra salacha amach le ...)


3.
Istigh i seomra eile bhí na spiaraí go léir
Ag líonadh boscaí móra le gléasanna rúibéir
Duirt fear amháin as Rúisís, agus thuig mé chuile ní
"Tá an lasta seo le scaipeadh ar mheán-scoil bhuachaillí”


 4.
Bhreathnaigh mé thuas staighre mar bhí Cumannaigh ar a nglúnta
Ag foghlaim conas sleamhnú isteach faoi leapacha go rúnda
Tosnóidh siad san oíche ag déanamh cogarnaíle
Droch smaointe isteach in aigní saonnta déagóirí na tire.


5.
Tá fostaithe acu gach aon áit, ó Ghaillimh go Cill Áirne,
Tá mná acu san Irish Times is fir ins na hÍosánaigh
Ní theastaíonn uathu ach cúpla bhliain ag spreagadh na reabhlóide
Chun Éire ina iomlán 'chur ag collaíocht roimh pósadh