| Fill ar Signs | English |
|
||
![]() ![]()
|
Ni fios cén amadán is cúis leis an chomhartha seo i ngiorracht mo theacsa.
Béarlachas cruthanta agus míthuiscint iomlán atá ann ar shuíomh, ar
ghluaiseacht agus ar threo mar a léirítear sa Ghaeilge iad.
Thoir
a ba chóir a bheith ann. Sin í an aidíocht chuí. Is ainmfhocal é
oirthear
. Déarfá, mar shampla
san Oirthear
. Maidir le gluaiseacht, is ag dul
soir
nó ag teacht
anoir
a bhéadh duine. Dia idir sinn is an t-olc! Ait go leor, tá an leagan don bhothar thiar ceart! Bhuel, ceann acu ar aon nós. Féach an méis sa dara cheann ag ceann eile an bhóthair chéanna. Agus céard faoi Ascaill Assam. Nach naomh a thuilleadh é tar éis an truaillaithe go léir seo? Agus seo gan na huaschamóga a lua fiú. |
|
|
Beirt amadán, ar a laghad, atá i gceist anseo. Cuirfimís an botún i leith an té
a chum an comhartha seanda ar dtús. Gaeilge Bhleá Cliath aige, má bhí san fiú.
Maidir leis an dara amadán, cuma air nár chuir sé ceist ar éinne faoi ach ghlac lena raibh ann roimhe. Séadán staire! |
|
|
Dá mbeifí á thiontú seo malairt treo is dócha gur
Grief Avenue
a ba ghá a thabhairt air. N'fheadar an amadán a haon nó amadán a dó is cúis
leis an leagan truaillithe seo. Arthur Guinness, b'fhéidir. |
|
|
||
|
Cuma air gur Gearmánach a chum an ceann seo - táthóir focal den scoth. B'fhuiriste an Ghaeilge a fhoghlum ach an ghramadach a fhágáil ar lár. Ba bheag ab fhiú é. | |
|
File manqué againn anseo. Macalla na Mara. N'fheadar céard a bhí á iompar faoina asca ll siúd aige agus an féith cumadóireachta seo idir lámhaibh aige. Mhuise. | |
|
Chuile sheans gur baisteadh an sráid seo le huisce na nGael i gcuimhne iar
ábhar shagart. Nó an i gcuimhnr dream buskers atá sé. Thug duine díobh siúd fúm san áit díreach seo tráth - fear seinte orgáin béil. |
|
|
Seo ceann deas. Molesworth sa Bhéarla agus Teach Laighean sa Ghaeilge. Tá
Teach Laighean
fós á ghairm ar
Thithe an Oireachtais
agus luíonn an tainm seo le dul na Gaeilge. Ach féach amadán a dó thar nais sa
chathair.
Teach Laibhean
? An ina luí le bean a bhí sé agus an gníomh á cheiliúradh sa leagan ciotach
seo. Nó an tagairt rí chliste é do
Theach na Lobhar
. Cinnte, tá sé thar a bheith ait. |
|
|
Tá an dá ainmchomhartha seo os comhair a chéile ag acomhal Shráid Chill Dara agus Shráid Nassau | |
|
"Tóin" an leagan caighdeánach den bhfocal Gaeilge ar "arse" , cé go bhféadfaí glacadh le "Tón" mar dhara rogha. Ach níl fada fiú air sa chomhartha seo. "Póg mo thóin" an leagan ceart den nath cainte. |
|
|
Mheas mé gur i ndiaidh "Betty" a ainmníodh teach Bettyglen ar an gcéad dul síos. Freisin, ní raibh Gaeilge riamh ar ainm an teach sin. Mar sin is Bettyglen a ba chóir a bheith ann sa leagan Gaeilge. Níl sa leagan Gleann Beithe ach seafóid. Ní gleann í, ná crainn beithe ann ach oiréad. | |
|
Seo ceann casta, de réir dealraimh. Tá an dá leagan ar na hainmchláir, "Coill Mhuire" agus "Bealtaine". Fágann an leagan oifigiúl an focal "Maywood" gan a aistriú (easpa muiníne !). Bhíos féin ag súil le "Coill Mhuire" a mholadh mar is iomaí áit sa Bhéarla ina bhfuil May in áit Mary. Ag an am gcéanna, is iomaí áit le hainm Maywood a thagann ón ainm sloinne "May", go háirithe ins na Stáit. Tá "Coill na Sceiche Gile" ag Séamas ar an bhonn gur ionann iad may, whitethorn agus hawthorn sa Bhéarla. Freisin, ós rud é go luaitear coill, séard is dóchaí ná gur ón planda a ainmníodh an eastát. Aontaím le Séamas faoi seo. Ach, n'fheadar ar smaoinigh an tógálaí fhéin ar na ceisteanna casta seo ar chor ar bith. B'fhéidir nach bhfuil aon fhreagra chriochnaithe ar an scéal seo, ach caithfear rogha a dhéanamh ar mhaithe leis an ainmchlár as Gaeilge. | |
|
Seo ceann suimiúil. Baisteadh Cill Éanna ar Chill Éanna. Níl aon Béarla ar seo agus níor deineadh aon iarracht leagan baoth a chumadh (Killaynee?). Trua nach gcuirtear an loighic chéanna i bhfeidhm sa Bhéarla fhéin amantaí. Ach féach sa leagan oifigiúl, Cill Eanna, gan an fada atá sa Bhéarla. In ainm na marbh a d'imigh romhainn! | |
|
Ceann eile suimiúil. Níl aon ghaol idir Charlemont agus Achadh. Is ionann achadh agus gort. N'fheadar cén stair a bhaineann le seo? | |
|
Tá iliomad sórt tobair ann agus ní ghá gur uisce a bhéadh iontu. Tobar fíoruisce atá i gceist le "spring" agus is fuarán atá ar seo i nGaeilge. | |
|
Ní raibh le déanamh anseo ach an téacs ar an chomhartha a léamh roimh é a chur inairde leis an botún a aimsiú. | |
|
Ceann aisteach é seo leis. Sé ainm an bhóthair de réir an léarscáil ná Claremont Road. Pé scéal é, níorbh ghá ach an chomartha a léamh roimh é a chur inairde chun an botún cló a aimsiú. |
|
![]()
|
Sa cheann seo, tá an ceart ag an bpríomh chomhartha. Ach a mhalairt atá ann i gcás an chomhartha níos galánta a chuir muintir na páirce fhéin inairde le déanaí. |
|
![]() ![]()
|
Seo chugainn arís amadán a haon agus an séimhiú fágtha ar lár aige. Ach an t-am seo tá an comhartha nua ceart! N'fheadar cad d'imigh ar amadán a dó? Ah, seo chugainn é agus an séimhiú fágtha ar lár sa chomhartha don chéide. Ach choinnigh sé an cló Gaelach, bedad. |
|
![]()
|
Tá an dá ainmchlár seo ós comhar a chéile ag acomhal Ascaill Cecil agus Bóthar Charlemont. | |
![]() |
Ag an acomhal le Bóthar Charlemont. Mar a deir Séamas faoi Victoria Street "Ainm bréag-Ghaeilge, “Sráid na Buaidhe,” atá ar na hainmchláir. ". | |
|
||
|
Fada ró fhada, mar a déarfá. | |
|
|
Fiú muna bhfuil sé cruinn ceart, taithníonn an ceann seo liom. Is eisceacht é ar an riail nach chóir teidil Shasanacha a aistriú. Déanann sé iarracht dul laistiar den teideal agus an fréamh Bhreathnaise, Ynys Môn, a aimsiú, ach an baol ann gur sa phortach gaelach a bheidh sé sáite. | |
![]()
|
Go fírinneach, caithfidh mé éirí as seo. Gach uair a fhágaim an teach tagaim ar ais le tuilleadh griangrafanna aimeadacha. | |
Tábla ShéamaisSeo thíos sleacht as tábla Shéamais ina bhfuil
|
|||
| Béarla | Gaeilge | Nótaí | |
| Brian Road | Bóthar Bhriain | As Brian Bórú. | |
| Hollybrook Road | Bóthar Shruthán an Chuilinn | Tá baile fearainn i gCo. Chill Mhantáin darb ainm Hollybrook (Muileann Réamainn an t-ainm Gaeilge), agus ceann eile i gCo. Fhear Manach. | |
| Marino Avenue | Ascaill Marino | ||
| Griffith Avenue | Ascaill Uí Ghríofa | As Arthur Griffith. | |
| Collins Avenue | Ascaill Uí Choileáin | As Michael Collins. | |
| Clare Street | Sráid Clare | As teideal Sasanach (John Fitzgibbon, "Earl of Clare," Tiarna Seansailéara na hÉireann agus cúisitheoir Wolfe Tone), a bunaíodh ar ainm sráidbhaile i Suffolk Shasana. (Ainmníodh Fitzgibbon Street as an duine céanna.) "Sráid an Chláraigh" atá sa liosta oifigiúil. | |
| St Assam’s Road, East | Bóthar San Assam Thoir | ||
| St Assam's Road, West | Bóthar San Assam Thiar | ||
| St Assam's Avenue | Ascaill San Assam | ||
| Molesworth Street | Sráid Theach Laighean | Ainm Gaeilge atá ar na hainmchláir agus a bhfuil taithí ag an bpobal air. As sloinne a ainmníodh an tsráid i mBéarla. | |
| Kildare Street | Sráid Chill Dara | As teideal Sasanach (James Fitzgerald, "Earl of Kildare"), a bunaíodh ar an logainm. | |
| Tonlegee Road | Bóthar Thóin le Gaoith | ||
| Bettyglen | Bettyglen | ||
| Maywood Avenue | Ascaill Choill na Sceiche Gile | ||
| Cill Éanna | Cill Éanna | ||
| Charlemont Road | Bóthar Charlemont | ||
| Springdale Road | Bóthar Ghleanntán an Fhuaráin | ||
| Ashcroft | Croit na Fuinseoige | ||
| Claremont Road | Bóthar Claremont | ||
| Avondale Park | Páirc Avondale | As an teach gar do Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin, in onóir Charles Stewart Parnell. | |
| Ennafort Park | Páirc Dhún Éanna | ||
| Ennafort Drive | Céide Dhún Éanna | ||
| Cecil Avenue | Ascaill Cecil | As an sloinne, b'fhéidir, nó duine de mhuintir an tógálaí. "Ascaill Shisil" atá sa liosta oifigiúil. | |
| Victoria Villas [Cluain Tarbh] | Bailtíní Victoria | ||
| Denzille Lane | Lána Denzille | As Denzille Holles. | |
| Devlin's Place | Plás Uí Dhoibhilin | ||
| Anglesey Street | Sráid Inis Món | As teideal Sasanach (Arthur Annesley, "Earl of Anglesey," tiarna talún sa cheantar seo), a bunaíodh ar logainm sa Bhreatain Bheag. "Sráid Mhón" atá ar na hainmchláir; an mílitriú "Anglesea," agus "Sráid Anglesea," atá sa liosta oifigiúil. | Fenian Street |