Couscous à la Parisienne
Monsewer
Doló Delà

Leabhar beag gleoite é seo ó Aodh Ó Domhnaill agus Coiscéim. Seo an chéad leabhar ag Aodh do dhéagóirí. Suite i bPáras na Fraince, is cur síos é ar choimhlint chruthaitheach idir Monsieur Doló agus Séimí francach, iad araon ag scrí scriopt na beatha dá chéile.
Ar dtús is ag iarraidh a chéile a scrios atá siad, ach faigheann tú an tuairim faoi dheireadh an scéil go bhfuil gean, nó tuiscint ar a laghad, ag fás eatortha.
Tá leagan amach cliste ar an cur i láthair. Cloiseann tú Doló agus Séimí ag nochtadh a gcuid tuairimí go díreach. Ag an am gcéanna bíonn siad i mbun scriopt na beatha a scrí i leith a chéile agus iad ag iarraidh teacht sa mhullach ar a chéile.
Agus na carachtéir eile. Buaileann muid le Fransaí, searc Shéimí, ó mhuintir na bhfrancach faoi thalamh; le Pluba ceannaire na bhfrancach céanna atá sa tóir Shéimí mar sholáthar bia dá chomhluadar; leis an bhfear mór gorm, SeaicA; le Mickey/Minnie Mouse; agus le hAhmed bin Ahmed, bainisteoir an Chaifé Couscous béal dorais.
Feicimíd go bhfuil níos mó ná francaigh faoi thalamh i gceist. Tá fíor uisce faoi thalamh sa scéal seo maraon le huisce truaillaithe.
Tá an stíl scríobhnóireachta díreach, simplí agus de réir an chaighdeáin. Tá na léaráidí mothaitheach tarraingteach. Agus tá ardchaighdeán ar an leabhar féin, mar a bheifeá ag súil leis ó Choiscéim.
Ní fúmsa é deireadh an scéil a nochtadh anseo, ach bheinn ag tnúth le mír eile as saol Doló, Séimí agus Fransaí ón údar amach anseo.
|