Aodh Ó Domhnaill

Scríobh Aodh na hamhráin ag baint tairbhe dó as éirim géar, doimhin thuiscint ar chúrsai polaitiúla na linne agus féith gréinne dorcha, dorcha. Scriobhadh iad le sprioc abhí amantaí geall a bheith doshroichte, go háirithe i rith an tsraith teilifíse ÓRÓ. Bhí cúlra Aoidh sa bhfilíocht aoireach, as béarla chomh maith le as gaeilge, agus a chuid taithí i mBanc Ceannais na hÉireann, in oiriúint go mór lena ghairm mar údar agus cumadóir don ghrúpa.
Nóra Ní Dhomhnaill

Ghlac Nóra leis an bunábhar agus chuir in oiriúint do na guthanna is na gléasanna ceoil. Bhain sí tairbhe maith as a hoiliúint i gcúrsaí ceoil agus bhí cuid de na leaganachai chomh beacht cruinn snasta sinn go ndalladh siad na naoi mBéithe fhéin. Bhi Nóra ina stiurthóir ceoil ag an grúpa agus chruthaigh sí leaganacha guth is gleas a mhairfidh agus sinn imithe ar fán sa tsíoríocht.
Dominic Ó Longáin

Bhi Dominic freisin ina bhaincéar ceannais, chomh maith le ina amhranaí agus seinteoir guitar. Chuir sé beagán de shiabhialtacht chneasta Chorcaí leis an ghrúpa Bhleá Chliathach seo. I ndeire báire d'fhill sé ar Chorcaí, áit a lean sé leis an mbaincéaracht. Ni fios a thuille.
Ken Mac Diarmada

Bhí Ken ina seinteoir guitar anamúil thar cuimse agus b'iontach a chuid "chomhráití aonair" (talking blues). Sheinn sé leis an grúpa ar feadh tamall tar éis imeachta Dominic. Bhí sé freisin ina bhall den grúpa Ty Bach.
Pól Ó Duibhir

Tháinig Pól i ndiaidh Ken agus díreach in am páirt a ghlacadh sa sraith teilifíse ÓRÓ. Cuimhneofar air de bharr a cuid focla a dhearmadadh i lár an tsraithe, rud a chuir iacall ar an dhá mhír a d'imigh roimis tosnú ó thús. Sin mar abhi teicneolaíocht na linne, in RTÉ ar aon nós.