|
Tús Bhunaigh Aodh Ó Domhnaill agus Nóra Ní Dhomhnaill na hUaisle i 1970 tar éis dóibh beirt a bheith ag canadh i dteannta a chéile ar feadh tamaill roimhe sin. Scríobh Aodh na foinn is na focail agus rinne Nóra an cóiriú don chanadh is do na gléasanna ceoil. Bhí Dominic Ó Longáin ar an tríú bhall ar dtús báire. Bé éacht tosaigh na hUaisle ná an bua a bhaint amach i gcomórtas nua an Oireachtais do ghrúpa le tionlacann guitar. Ba bhriseadh mór é an comórtas seo le traidisiún an Oireachtais agus léirigh sé go raibh an t-eagras seo toilteanach coinneál suas chun dáta agus glacadh le meon níos chuimsithigh i leith forbairt an chultúir ghaelaigh. Roghnaíodh an t-ainm na hUaisle le tabhairt faoi maithe agus móruaisle na tíre dream a thug ortha féin a gcuid béasa agus dearca a chur ina luí ar daoscarslua na linne. B'as gaeilge iad na hamhráin ar fad agus, pé acu aorach nó agóideach dóibh, phléadar ceisteanna pobail agus comhluadair thar réimse níos leithne ná aithbheochan na Gaeilge. Ba d'aon gnó a roghnaigh an grúpa canadh as gaeilge amháin cé gur chuir sé sin teora suntasach le méad an lucht éisteachta. Bhí an grúpa go mór faoi thionchur nuaghluaiseacht agóide na seascadaí, a chuir béim ar chearta siabhalta agus ar an dtimpeallacht. Ach bhíodar freisin gafa le mór-cheisteanna comhaimsearacha na linne in Éireann - go príomhdha, an Ghaeilge, tús áit na heaglaise caitilicigh i saol na tíre, nua smaointe ar fhlaitheas náisiúnta, agus ceisteanna pobal i gcoitinne. Ag an am b'iad na hUaisle an t-aon grúpa agóide abhí ag canadh as gaeilge agus is trua nach raibh an t-ábhar ar fáil do lucht éisteachta níos leithne agus é chomh gafa le mór cheisteanna na linne. Na hÉachtanna tosaigh Ar cheann de na ceolchoirmeacha ba thúisce agus ba rathúile bhí an choirm agóide a reachtaíodh i Halla na Saoirse le cur in aghaidh dhúnadh scoil Dhún Chaoin ag an am. Bhíothas ag dúnadh bunscoileanna beaga ag an am le hairgead a shábháilt ar an Stát agus in ainm rogha ábhar níos leithne a chur ar fáil do na daltaí. Ach bhí an polasaí seo ag scrios na bpobal logánta, go háirithe i gcás pobail na gaeilge. Ar feadh i bhfad bhíothas beag beann ar thorthaí an pholasaí seo ar shláinte na bpobal gaelach ar a raibh laghdú ag teacht ar fud na tíre. Ach i ndeire báire, díríodh an t-agóid ar chur in aghaidh dhúnadh scoil Dhún Chaoin.Bhí an slua i Halla na Saoirse ar bís agus rug an grúpa leo iad leis an amhrán nuachumtha "Dún Mé". Cé gur ghlach an grúpa an fonn ar iasacht ó amhrán Roger Miller "Dang Me" bhí na focail agus an t-ábhar fíor ghaelach agus thugadar faoi dhearca fimíneach an rialtais i leith dúnadh na scoile. Chan an grúpa freisin ag mórán ócáidí difriúla lena raibh dinnéar pháirtí polaitiúil, Cruinniú Chinnbhliana Interskola, ceolchoirmeacha sa Damer agus in tarlachaintaí éagsúla ar fud na tíre. B'é Fianna Fáil an páirtí polaitiúl, ceann de dhá mhór pháirtithe na tíre a mhaoíann an traidisiún poblactánach agus a thacaíonn "an dá cuspóir náisiúnta" a bhfuil aithbheochan na gaeilge ar cheann díobh. Lean an lucht éisteachta lena gcuid comhráití fhéin i rith an ama agus, de bharr seo, chailleadar ciall na n-amhrán abhí ag braith go hiomlán ar bhrí na bhfocal. Babhtanna Radio is Teilifíse Bhi an grúpa ar tí aitheantas náisiúnta a bhaint amach, agus tar éis cúpla gigeanna eile, bhaineadar amach ionad buan ar an sraith teilifíse ÓRÓ. Bhí na hamhráin á gcumadh, á gcleachtadh agus á gcur i láthair do lucht féachana sa stiúdió, ar feadh sé seachtaine i ndiaidh a chéile. Bhain na hamhráin seo le réimse leathan ábhar. B'e Liam Ó Murchú, a bhí i gceannas ar chláracha teilifíse gaeilge RTÉ ag an am, an stiurthóir agus Seán Cotter an léiritheoir. Lean babhtaí eile teilifíse thar na blianta, agus clár spesialta Nollag san áireamh, go dtí gur imigh baill an ghrúpa le tógáil clainne. |
|
Na hAmhráin ba suntasaí Dún mé: Bhí sé seo ar cheann de na hamhráin ba rathúla ag an grúpa agus is mó a d'imigh i bhfeidhm ar an lucht éisteachta i Halla na Saoirse. Déanann sé cur síos ar iarrachtaí an rialtais scoil Dhún Chaoin a dhúnadh mar chuid den bhfeachtas in aghaidh scoileanna beaga tuaithe agus ar na torthaí a bhéadh ar a leithéid d'fheachtas ar phobal na gaeilge i gcás dúnadh scoileanna lán ghaelacha. EEC: D'imigh Éire isteach san EEC, mar abhí ag an am, i 1973 tar éis reifreann náisiúnta ar an gceist. Bhí an t-amhrán seo ina rosc catha sa bhfeachtas i gcoinne an EEC agus léiríonn sé céard abhí i ndan do mhuintir na hÉireann de bharr clárú san eagraíocht olldomhanda seo. Teanga na nGael: Léirionn an t-amhrán seo todhchaí gan gaeilge. An cuimhin le héinne sean teanga na ngael ar ar chaitheadh an oireadh sin ama, airgid agus iarracht fimíneach ag an stát ó thús ré. Tá ceann de na línte ar an líne is glórmhaire in aon amhrán gaelach, Ag breathnú siar ar dhuine d'fhoireann cur i láthar RTÉ, atá ar bheagán gaeilge, "ba dhóbar dó tachtadh ag iarraidh a theanga a lúbadh mórthimpeall séimhiú". Iolar Rua agus 1984: amhráin iad seo ag plé scrios na timpeallachta tré shúile na Féinne agus deatach na cathrach. Ar Mhullach Bhinn Éadair agus Dá mbeinnse leatsa: amhráin ghrá. |